Craobh Eolais A Festschrift for Ruairí Ó hUiginn

£31.50

3 in stock

SKU: 33360 Catagóir:
9781911330448

Cur síos

Cnuasach 46 aiste atá san fhéilscríbhinn seo a tionscnaíodh mar chomhartha ómóis agus buíochais do dhuine de mhórscoláirí ár linne, an tOllamh Ruairí Ó hUiginn. Is beag gné de stair agus saíocht na Gaeilge nach bhfuil saothraithe go paiteanta aige agus is mar iarracht ar a dhúthracht a chúiteamh leis atá aistí an leabhair seo leagtha amach de réir na rannóg seo a leanas:

Litríocht agus teanga sa Mheánaois luath

Litríocht agus sochaí sa Mheánaois dhéanach

Filíocht na mBard

Litríocht agus stair sa 16ú – 19ú hAois

Litríocht agus béaloideas sa 20ú hAois

Is ag tagairt do dhán le Giolla na Naomh Mac Eochadha, ina samhlaítear a phátrún le 'craobh eóluis', atá teideal an leabhair seo, Óir is geall le craobh eolais é an tOllamh Ó hUiginn, saoi nár spáráil é féin riamh ach é ag roinnt a shaineolais agus a chomhairle le teann féile.

An Léamh Ceilteach

Léirmheasanna

Reviews

Níl aon léirmheasanna ann go fóill.

Bí ar an gcéad duine a dhéanfaidh léirmheas ar “Craobh Eolais A Festschrift for Ruairí Ó hUiginn”.

Your email address will not be published. Required fields are marked *

Táirgí gaolmhara